Tráth na gCeist Bunscoile

trath

Tá Tráth na gCeist á eagrú ag Ionad Tacaíochta Oideachais Laoise - is é sin, Tráth na gCeist ar líne a chraolfar beo don seomra ranga ar an Máirt 5ú/12ú/19ú Márta @ 10.00.

Beidh an Tráth na gCeist oiriúnach do Ranganna 3 - 6Is éard a bheidh i gceist leis an gcéad chuid den tionscadal seo ná 3 thráth na gceist ar líne.

Tuilleadh eolais:

  5 bhabhta x 8 gceist d'fhoirne de cheathrar

  • Tá béim ar éisteacht agus labhairt na Gaeilge agus, ar ndóigh, spraoi a bheith ag gach duine!

    Beidh páistí cleachta le Tráth na gCeist freisin.

    Is féidir le múinteoirí na bileoga freagraí comhlánaithe a bhailiú i ndiaidh gach babhta.

    Is féidir le múinteoir nó múinteoirí ranga daltaí a mholadh chun na babhtaí ar fad a cheartú nuair a chuirfear críoch leis an tráth na gceist.

    Cuirfear na freagraí ar gach babhta ar fáil do na ranganna rannpháirteacha.

    Glaofaidh fear/ bean na gceisteanna na freagraí amach i ndiaidh gach babhta.

    Ní dhéanfar aon cheartúcháin ag deireadh babhtaí ach ag deireadh an trátha na gceist.

    Socraíonn múinteoirí conas an méid seo a eagrú ina seomraí ranga féin.

    Ag an gcéim seo den tionscadal, ní dhírítear ar na scóir ná ar scoileanna a leanúint tríd an Ionad Tacaíochta Oideachais, ach ar fhorbairt na Gaeilge mar theanga bheo bhríomhar.

    Cuirfear ar aghaidh an nasc chuig an seisiún ar líne ag 9.30 a.m. gach maidin a bheidh an tráth  na gceist ar siúl.

Caithfidh gach rang sa scoil atá ag glacadh páirte clárú chun an nasc a fháil.

Is do scoileanna Ionad Tacaíochta Oideachais Laoise amháin an Tráth na gCeist seo.

Course Properties

Course date 05-03-2024
Course End Date 19-03-2024
Cut off date 04-03-2024 5:00 pm
Individual Price Free
Location Online

Login
or Register
to book